Áine Óir wrote:
Labhrás wrote:
ag deireadh an aonaid bhrí chinnte - a déarfainn.
Déarfainn: ag deireadh aonad brí cinnte.
Ohh... Mar gheall go bhfuair mé 'ag deireadh an aonaid brí chinnte' i 'Gramadach Gan Stró', sa chaibidil a phléann leis an ábhar seo, ghlac mé leis go raibh sé sin ceart
Ceapfainn:
ainmneach uatha:
an t-aonad brí cinnteginideach uatha:
an aonaid bhrí chinnteainmneach iolra:
na haonaid bhrí chinnteginideach iolra:
na n-aonad brí cinnte Áine Óir wrote:
Thuig mé go raibh cineál fo-aonad i gceist le 'aonad brí' é féin, cosúil le:
ag moladh { {thionscadal comhshaoil } dhaltaí na scoile }
agus gur sin an fáth nach gcuirtear séimhiú ar 'brí'.
"tionscadal comhshaoil": Foirm ainmneach atá san fhocal "tionscadal", mar sin gan séimhiú ina dhiaidh.
Áine Óir wrote:
Seo an comhairle atá sa leabhar céanna maidir le aonad brí éiginnte:
Más ainmfhocal atá ann beidh gach ainmfhocla a leanann é sa tuiseal ginideach.
mar shampla: cóipleabhar oibre baile
Sin an fáth gur cheap mé gur "deireadh aonaid brí chinnte" a bheas ann.
Níl an leabhar sin agam anois, ach:
Is iad na focail "obair
bhaile" an t-aonad brí, nach iad? Cuirimis i lúibíní iad: [obair
bhaile]
Ní infhilltear "obair" sa chás. (infhilleadh "baile" cheana féin)
cóipleabhar + [obair
bhaile] = [cóipleabhar [
obair bhaile]] "copybook for home-work" i mBéarla.
Ach, cuir i gcomparáid dá mba "cóipleabhar
oibre" a bheadh ina aonad brí:
[cóipleabhar
oibre] + baile = [[cóipleabhar
oibre]
baile] "work-copybook for home"
Agus anseo:
[deireadh [
aonad brí]] "an end of a meaning-unit"
[[deireadh
aonaid]
brí] "a unit-end of meaning"
nó sampla coitianta:
[bata [
fear siúil]] "a stick of a wanderer"
[[bata
fir]
siúil] "a walking man-stick"
míniúchán na ndathanna:
uaine = focal i dtuiseal ginideach
gorm = focal i dtuiseal ainmneach ach feidhm an tuisil ghinidigh aige