I found two translations online.
This one is Old Irish -
http://johncokeefe.com/2014/03/16/luireach-phadraig/And this is the modern one:
https://www.facebook.com/photo.php?fbid ... =3&theater"LÚIREACH PHÁDRAIG:
Éirím inniu,
Tré neart tréan-glaoch ar an Trionóid,Tré creideamh i dTriaracht,
Tré admhail Aondacht
Cruthaitheoir na Cruthaíochta.
Éirím inniu,
Tré neart giniúin Chríost agus a bhaisteadh,
A chéasta agus a adhlactha,
A aiséirí agus a dheasghabhála,
Tré cumhacht a fhilleadh chun breithiúnais.
Éirím inniu,
I neart grá Seirifim,
In umhlaíocht aingeal,
I bhfreastal Ardaingeal,
I ndóchas aiséirí chun luach saothair,
In urnaithe uasalaithreacha,
I dtairngireacht na bhfáithe,
I dteagasc na nAspal,
I gcreideamh na gcreidmheach,
I neamhchiontacht maighdean,
I ngniomhartha na bhfírean.
Éirím inniú,
I gcumhacht na bhFlaitheas,
I soillse gréine,
I ngile na gealaí,
In áilleacht tine,
I mire lasrach,
I luas gaoithe,
I ndoimhneacht farraige,
I mbuanseasmhacht talún,
I ndaingneacht carraige.
Éirím inniú,
Neart Dé dom' stiúradh,
Cumhacht Dé dom' chumhdach,
Críonnacht Dé dom' threorú'
Súil Dé ag faire dom,
Cluas Dé ag éisteacht liom,
Briathar Dé ag labhairt liom,
Lámh Dé dom' chosaint,
Slí Dé dom' tharraingt,
Sciath Dé mar dhídem dom,
Slua Dé dom' chaomhnú
Ar ghaiste diabhal,
Ar chathú duáilcí,
Ar mhianta mí-ionraic,
Ar lucht mo mhillte,
I gcéin is i gcóngar,
Im aonar nó i gcomhluadar.
Glaoim chugam inniú na mór-chumhachtaí
In aghaidh náimhde coirp agus anama,
In aghaidh asarlaíocht fáithe bréige,
In aghaidh droch-dhlíthe págánacha,
In aghaidh claon-reachta eiriceach
In aghaidh adhradh íola,
In aghaidh geasa cailleach, gaibhne agus draoithe,
In aghaidh gach eolas a thruaillíonn coirp agus anam duine.
Críost do mo chumhdach inniú
Ar nimh, ar loscadh,
Ar bháthadh, ar ghoineadh,
Go dtaga chugam luach mo shaothair.
Críost liom, Críost romham,
Críost i mo dhiaidh, Críost ionam,
Críost fúm, Críost os mo chionn,
Críost ar mo dheis, Críost ar mo chlé,
Críost i leithead, Críost i bhfaide, Críost in airde
Criost mar a luím, Críost mar a suím,
Críost mar a n-éirím, Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm,
Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom,
Críost i súil gach duine a fhéachann orm,
Críost i gcluas gach duine a éisteann liom.
Éirím inniú,
Tré neart tréan-glaoch ar an Tríonóid,
Tré creideamh i dTriaracht,
Tré admhail Aondacht
Cruthaitheoir na Cruthaíochta.
Is leis an Tiarna an Slánú, is leis an Tiarna an Slánú.
Is le Críost an Slánú.
Go raibh do Shlánú linn de shíor, a Chríost. Áimeán."
CaoimhínSF wrote:
Éirim inniu trí neart láidir, achainí an Tríonóid
I arise today through a mighty strength, [the] invocation of the Trinity
Caoimhín's is a better translation of the English version you requested.
Just one question though, would it not be "achainí na Tríonóide" Caoimhín?