It is currently Sun 07 Jun 2026 1:59 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 
Author Message
 Post subject: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 7:04 pm 
Offline

Joined: Mon 21 Nov 2011 4:11 pm
Posts: 9
'Sí an cheist atá agamsa anocht ná cad iad na difríochtaí fóineolaíocha idir 'bean' agus 'beann', agus 'gan' agus 'gann'? Canúint na Mumhan más féidir...

Gura maith agaibh!


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 7:56 pm 
Offline

Joined: Fri 18 Nov 2011 2:27 pm
Posts: 622
Deirtear beann mar “bown” nó “baun,” agus gann mar “gown” i gcanúint na Mumhan.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 8:43 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
as in - donn (I suppose)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 9:14 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Sep 2011 5:05 pm
Posts: 422
Mick wrote:
Deirtear beann mar “bown” nó “baun,” agus gann mar “gown” i gcanúint na Mumhan.

Sin é ó thaobh na foghraíochta. Ó thaobh na fóineolaíochta de, ’sé an difear atá ann eadar an dá cheann ná go bhfuil an n dúbailte ‘fortis’ (níl a fhios agam an bhfuil téarma ar leith ins an Ghaeilig don fhocal sin), agus go bhfuil an n singilte ‘lenis’ (ná an ceann seo).

Is minic a dhéantar athrú ínteacht in aice le consain shonda (l, n, r) atá fortis. De ghnáth, bíonn an consan fortis féin níos ‘láidre’ agus níos teinne ná a leagan lenis, agus coinnítear guta a thagas roimhe giota beag níos faide ná guta a thagas roimh chonsan lenis. Sa deisceart, go háirid i nGaoluinn na Mumhan, défhoghraítear gutaí ísle (a, o) chomh maith, chuig [ɑʊ] nó rudaí mar sin.

_________________
Not a native speaker.

Always wait for at least three people to agree on a translation, especially if it’s for something permanent.

My translations are usually GU (Ulster Irish), unless CO (Standard Orthography) is requested.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 10:01 pm 
Offline

Joined: Fri 18 Nov 2011 2:27 pm
Posts: 622
Tá go maith, kokoshneta, ach cuireann tú náire orm. Níor chuala mé “fortis” nó “lenis” in aon theanga. Bhí orm iad a iarraidh ar wikipedia.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 10:12 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Fortis = láidir
lenis = fann, séimh(ithe)

Quote:
Sin é ó thaobh na foghraíochta. Ó thaobh na fóineolaíochta de, ’sé an difear atá ann eadar an dá cheann ná go bhfuil an n dúbailte ‘fortis’ (níl a fhios agam an bhfuil téarma ar leith ins an Ghaeilig don fhocal sin), agus go bhfuil an n singilte ‘lenis’ (ná an ceann seo).


Bhail, i bhfóineolaíocht Ghaeilg na Mumhan níl duifear ar bith eadar n fortis agus n lenis go díreach, is é an guthaí a theisteánas an duifear (le heisceacht nn caol i nGaeilg Mhúscraí agus na Rinne):

/b'an/ vs /b'aun/

ach caithfidh go rabh tú 'caint fá "fhóineolaíocht ghinearálta na Gaeilge" ?

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 10:16 pm 
Offline

Joined: Mon 21 Nov 2011 4:11 pm
Posts: 9
Ceart go leor, sin an difríocht atá i gceist. Go raibh maith agat a koko as do chabhair, agus buíochas do Mhick agus franc freisin.

Mick wrote:
Tá go maith, kokoshneta, ach cuireann tú náire orm. Níor chuala mé “fortis” nó “lenis” in aon theanga. Bhí orm iad a iarraidh ar wikipedia.


Tá píosa beag fé maidir leis an nGaeilge anseo.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Mon 21 Nov 2011 11:00 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Sep 2011 5:05 pm
Posts: 422
Lughaidh wrote:
Bhail, i bhfóineolaíocht Ghaeilg na Mumhan níl duifear ar bith eadar n fortis agus n lenis go díreach, is é an guthaí a theisteánas an duifear (le heisceacht nn caol i nGaeilg Mhúscraí agus na Rinne)

Sin staid níos moille san fhóineolaíocht; ach tá an difear ann in achan chanúint go bunúsach.

Nó, déanta na fírinne, sin foghraíocht, chan fóineolaíocht.

_________________
Not a native speaker.

Always wait for at least three people to agree on a translation, especially if it’s for something permanent.

My translations are usually GU (Ulster Irish), unless CO (Standard Orthography) is requested.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Bean/beann; gan/gann
PostPosted: Tue 22 Nov 2011 12:24 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Ní heidh. Thig leat achan chanúint a scríobh do réir a córais fhóineolaígh féin, agus ins an fhoghraíocht fosta ach is 2 rud difriúla iad. Agus thig leat córas fóineolaíochta ginearálta na Gaeilg a dh'úsáid fosta, nach gcloífidh i gcónaí le fóinéimí na canúna.
Mar shompla san fhóineolaíocht ghinearálta gheobhthá an focal 'cineál' scríofaí mar /k'in'a:l/ ach i bhfóineolaíocht iarthuaisceart Uladh gheobhthá /k'iN'a(:)l/ agus san fhoghraíocht gheobhthá [ˈkʲɪɲalˠ] nó rud ineacht mar sin.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 497 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group