Errigal wrote:
FGB agus GGBC ag teacht salach ar a chéile... Cé a shamlódh é? Ach níl feidhm ar bith le 'hé'. Seo a leanas roinnt samplaí ó fhoinsí measartha iontaofa:
- Cé ar mhaith leis an rud luachmhar seo atá bainte amach againn ón AE a chaitheamh ar ais chuige? (Tuairisc.ie)
- Cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh breis is sé mhí? (Beo)
- Cé ar mian leis dul ar neamh anois láithreach bonn? (Tearmann.com)
- Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? (ABN)
- Óir cé arb eol dó céard is maith don duine? (ABN)
Errigal wrote:
Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?