It is currently Sat 25 Apr 2026 4:09 pm

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 8 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 30 Apr 2015 10:28 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
https://www.youtube.com/watch?v=ZygmUUEh1r4

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 01 May 2015 1:16 am 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Tá sé bunaithe le fada anois go mbíonn buntáiste ollmhór ag na leanaí siúd a labhraíonn níos mó ná teanga amháin.

Is maith an rud é mar sin ó thaobh acadúla de go raibh mise sa ghrúpa sin. Marcanna éasca! :)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 06 May 2015 9:20 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Gumbi wrote:
Tá sé bunaithe le fada anois go mbíonn buntáiste ollmhór ag na leanaí siúd a labhraíonn níos mó ná teanga amháin.

Is maith an rud é mar sin ó thaobh acadúla de go raibh mise sa ghrúpa sin. Marcanna éasca! :)

Cathú orm gur thóg sé an méid seo ama dom chun freagair a thabhairt duit. Bhíos i mbun scrúdaithe, thá súil agam gur eirigh go geal leat fhéin ionta?

Nín aon amhras go mbíonn ollbhuntaistí ag góilt leis an ndátheangachas .i. deirtear go mbíonn sé i bhfad níos fusa teangacha eile dh'fhoghlaim is go gcabhraíonn sé le Azeimers agus galair aigne eile a chimeád bhuait agus go bhfaigheann tú slí isteach is tuisgint níos deimhne ar an gcultúr, go mbíonn meon níos leithne go ginearálta agat agus go mbíonn tuisgint agat ar thábhacht teangacha srl...

Ach 'séard an rud a chur as dom beagainín insa bhfísín sin ná de réir mar a théann na leanaí ar sgoil, éiríonn an Béarla níos treise go dtí go bhfaigheann sé an lámh in uachtar go hiomlán insa mhéid is go gcasann na leanaí ar an mBéarla mar theanga labhartha ar chlós na sgoile agus lena gcuileachtain as sin amach.

Feictear dom, pé sgéal é, an uair a mbíonn sé níos fusa do mhuintir na Gaeltachta Béarla a spalpadh 'sí an uair chéana a bhfuil an teanga i mbaoghal a báis.

Cian

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 06 May 2015 9:53 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
Is fuath liom é a rá ach bíonn Gaelainn lag ages na leanaí ins an Ghaeltacht anois. Léigh an cuntas in "An Chonair Chaoch" ar an dtaighde a dhein Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin i nGaeltacht Chonamara agus Corca Dhuibhne. Chífir go bhfuil an teanga ag dul i laige le daichead blian, go bhfuil tréithe gramadaí á gcailliú agus focail á ndearúd.

Nílim deimhnitheach ina thaobh, ach tá baoghal mór ann go ngeobhaidh an Ghaelainn bás (an Ghaelainn nádurtha ach go áirithe) roimh dheireadh na haoise seo. Na rudaí a dh'éirigh don Ghaelainn i Ros Comáin, Cíll Chainnigh, Condae an Chláir agus Condaithe eile in Iarthar Éireann céad blian ó shoin, táid ag éirigh don theangain ins na paistí beaga Gaelainne atá ann inniu.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 06 May 2015 10:42 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
An Cionnfhaolach wrote:
Gumbi wrote:
Tá sé bunaithe le fada anois go mbíonn buntáiste ollmhór ag na leanaí siúd a labhraíonn níos mó ná teanga amháin.

Is maith an rud é mar sin ó thaobh acadúla de go raibh mise sa ghrúpa sin. Marcanna éasca! :)

Ach 'séard an rud a chur as dom beagainín insa bhfísín sin ná de réir mar a théann na leanaí ar sgoil, éiríonn an Béarla níos treise go dtí go bhfaigheann sé an lámh in uachtar go hiomlán insa mhéid is go gcasann na leanaí ar an mBéarla mar theanga labhartha ar chlós na sgoile agus lena gcuileachtain as sin amach.

Feictear dom, pé sgéal é, an uair a mbíonn sé níos fusa do mhuintir na Gaeltachta Béarla a spalpadh 'sí an uair chéana a bhfuil an teanga i mbaoghal a báis.

Cian

Sin é díreach an rud a tharla domsa. Bhí mo chuid Gaeilge i bhfad níos fearr ná mo chuid Béarla nuair a bhíos dhá bhlian d'aois srl. Nuair a thosnaigh mé ar an scoil (fiú má ba rud é gurbh Gaelscoil a bhí ann), thosnaigh éabhlóid na teanga agam ag dul in ísle agus thosnaigh mo chuid Béarla ag éirí i bhad níos fearr i bhfad níos tapúla (toisc go raibh orm é a bheith agam don saol mór).

Bhí níos measa aríst nuair a chríochnaigh mé leis an mbuncoil toisc nach ndeachaigh mé go meánscoil Gaeilge, agus anois táim sa choláiste agus gan an seans chéanna é a labhairt lem athair (ná éinne eile, dar ndóigh) chomh minic is a bhíos in ann.

Seo é an t-aon áit gur féidir liom í a labhairt agus a chleachtadh na laethanta seo, níl aon Ghaeltacht, ná Ghalltacht, fiú amháin, le fáil i lár cathair Luimnigh :P

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 07 May 2015 12:46 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2985

Tuigim do chás a Ghumbí.
Faraor nár fhoghlaim mé Gaeilge a scríobh a riamh. Mhíll sé mo chaint.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 12 May 2015 10:31 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
An Lon Dubh wrote:
Is fuath liom é a rá ach bíonn Gaelainn lag ages na leanaí ins an Ghaeltacht anois. Léigh an cuntas in "An Chonair Chaoch" ar an dtaighde a dhein Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin i nGaeltacht Chonamara agus Corca Dhuibhne. Chífir go bhfuil an teanga ag dul i laige le daichead blian, go bhfuil tréithe gramadaí á gcailliú agus focail á ndearúd.

Nílim deimhnitheach ina thaobh, ach tá baoghal mór ann go ngeobhaidh an Ghaelainn bás (an Ghaelainn nádurtha ach go áirithe) roimh dheireadh na haoise seo. Na rudaí a dh'éirigh don Ghaelainn i Ros Comáin, Cíll Chainnigh, Condae an Chláir agus Condaithe eile in Iarthar Éireann céad blian ó shoin, táid ag éirigh don theangain ins na paistí beaga Gaelainne atá ann inniu.

Sin an baol go deimhin, seans ana mhór go bhfaighidh an teanga dhúchais bás roim dheiradh na haoise seo cinnte. Agus sílim fhéin má tharlaíonn a leithéid ní fiú an athbheochaint 'thá ag tarlú ins na cathracha, truagh an scéal é.

Sílim go bhfuil an leathchéad seo, ós na 70idí anonn, aos ana thábhactach i saol na Gaoluinne sa Ghaeltacht, oir gurb é an t-aos céana gur stad muintear na Gaeltachta leis an nós seana-bhunaithe, is é sin an teanga a sheachadadh ó ghlúin amháín go glúin eile. Iompó teangan thá i gceist.

Bhíos ag féachaint ar dhaonáireamh/ mhóráireamh 1911 do líon na gcainteoirí im' bhaile dhúchais fhéinig (Eochaill), agus chífear na cosúlachtaí céanna; i ngach tigh beaganch bhí Gaoluinn agus Béalra aigesna daoine fásta ach ní raibh ach an Béarla amháín aigen aos óig (Ach mar sin fhén, bhí teanghlaigh ann agus iad go hiomlán dátheangach leis).

Gumbi wrote:
Sin é díreach an rud a tharla domsa. Bhí mo chuid Gaeilge i bhfad níos fearr ná mo chuid Béarla nuair a bhíos dhá bhlian d'aois srl. Nuair a thosnaigh mé ar an scoil (fiú má ba rud é gurbh Gaelscoil a bhí ann), thosnaigh éabhlóid na teanga agam ag dul in ísle agus thosnaigh mo chuid Béarla ag éirí i bhad níos fearr i bhfad níos tapúla (toisc go raibh orm é a bheith agam don saol mór).

Bhí níos measa aríst nuair a chríochnaigh mé leis an mbuncoil toisc nach ndeachaigh mé go meánscoil Gaeilge, agus anois táim sa choláiste agus gan an seans chéanna é a labhairt lem athair (ná éinne eile, dar ndóigh) chomh minic is a bhíos in ann.

Seo é an t-aon áit gur féidir liom í a labhairt agus a chleachtadh na laethanta seo, níl aon Ghaeltacht, ná Ghalltacht, fiú amháin, le fáil i lár cathair Luimnigh :P

Ná bíodh aon lagmhisneach ortsa a mhic, is léir go bhfuil bádh is cion agat dod' theanga, mairfidh an Ghaoluinn go deo i gcroí gach aoinne a thuigeann an luach is an tábhacht a bhaineann léithe.

Ach is dócha gurb í sin an fhadhb, caithfear a bheith báúil don teangain sara gcasfar uirthe (rogha leathpholaitiúil, rogha d'aon turas, d'aon ghnó) óir go bhfuil sé níos fusa Béarla a labhairt, óir go bhfuil an Béarla mórthimpeall orainn. Agus is dócha nách gcabhraíonn an dátheangachas leis an bhfadhb seo ach an oiread.

Ach, 'dé an rogha eile, an Ghaoluinn amháin ' bheith agat?

Beatha teanga í a labhairt!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 12 May 2015 2:28 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Ba mhaith liom roinnt ama a chaitheamh, uair amháin im shaol, i bhfíor-Ghaeltacht agus an teanga a labhairt níos minicí le daoiní eile (taobh amuigh dem athair nó na daoiní úd ar suíomh seo!) Rud éigin don bucket list ar aon nós...

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 8 posts ] 

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 559 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group