franc 91 wrote:
FORECASTING STONE - CLOCH FHIACHAIRE (or fhéilochta, or fhiachaireachta ?)
Do thabharfainn 'Cloch Réamháisneise (Aimsire)' nó 'Cloch na Tairngreachta' uirthe. Nior chuala an focal Fiachaire chéana, nuair a dhearcas air ar dtúis cheapas go raibh duine a bhíonn ar thóir do chuid fiach (debts) i gceist nó duine a bhíonn baint aca leis an bhfiach fhéinig (an t-éan)

.
franc 91 wrote:
Stone is wet - Raining
Tá an chloch fhliuch - Tá sé ina bháisteach
Feictear rud beag ait dom gan 'má' a shní isteach?
má tá an chloch fliuch...
mar an gcéana leis na cinn eile
franc 91 wrote:
Shadow on the ground - Sunny
Tá scáth ar an talamh - Tá grian ann
má tá scáth ar an talamh - Tá an ghrian ag taitneamh (is dócha go mbíonn an ghrian ann má thá 'sé ag stealladh báistí leis

)? nó an frása é?
franc 91 wrote:
White on top - Snowing
Tá bán i mbarr - Tá sé ag cur sneachta
Má tá ceann bán air....
franc 91 wrote:
Can't see stone - Foggy
Ní féidir leis an chloch a fheiceáil - Tá ceo dlúth ann
Murab (munab) (?) fhéidir/ mura bhféadfaí an chloch...
franc 91 wrote:
Stone gone - Tornado
Tá an chloch imithe - Tá tornádó ann (but I've also found the word camanfa, perhaps there are others that express the idea of wild stormy weather)
Ní bhfuighinnse teacht ar 'camanfa' i n-aon fhoclóir, an é 'cuaranfa' a bhí i gceist agat?
Sílimse go bhfuil 'camanfa'' rud beag saorga, An ndéanfadh 'spéirling' nó 'clampar aimsire' an gnó?
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)