'Seaḋ anois, is ait agus is aċrannaċ an sgéal é riaṁ, deacair a ṫuigsint, aċt seo é mo sgeul fiannuiḋeaċt: An teanga Ġaeḋealaċ is deallraṁaċ ná'r ṁeas aon duine againn mar "ṫeangain" í sa tslí ná'r ṫáinig lá ċuiṁneaṁ riaṁ ċuġam go raiḃ aon rud de ḋeifir idir an dá acu Gaoluinn agus Béarla mar ṫeangṫaċaiḃ pé amaideaċt é - Gaoluinn do b'eaḋ í an meaḋon cainnte agus is í do ċuirtí i gcóir aiges an mbeirt acu ċun sgéaluiḋeaċt etc, an "tslí" (gan aon tráċt ar "ṫeangain" riaṁ) 'na laḃruiġeaḋ mo ṡean-aṫair agus mo ṡean-ṁáṫair liom agus téarmuiḋeaċt na Gaoluinne a ḃí sna foclaiḃ do ṗiocas suas uaṫa san. Ar aon ċuma, i nGaoluinn a laḃruiġdís liom an ċuid is mó, mar atáim 'á sgríoḃ anois gan aon ḟocal Beurla 'na mbéalaiḃ acu aċt na focail sin atá luaiḋte agam ṫuas agus sa ċanaṁain atá lé feisgint sa sgeul san "An Gleann is a Raiḃ Ann," aċt má tá, ṫagaḋ aṫaruġaḋ ar a gcuid cainnte riaṁ nuair a ṫagaḋ aon strainséar ċun an tiġe (is minic a ṫagaḋ cuid desna cóṁarsain ag "cuardaiġeaċt") agus níor ċeapas aon rud dé n-aon ċor. Mar aduḃaras (dálṫa an sgéil, ṡid é deifriġeaċt eile a ḃain le cainnt na nDéise: ní "duḃart" ná "ṫánag" adeirtí aċt "duḃaras" agus "ṫáiniġeas" - ḋearṁadas a ráḋ - agus rud eile, "ṡid é" is coitċíanta adeirtí), is dóċa ná'r airiġeas riaṁ an focal "teanga" a' ḃéal aoinne amaċ ag tagairt do'n Ġaoluinn (b'ḟéidir do'n ḃFrainncis agus mar sin de) agus níor airiġeas riaṁ aon ḟocal "Gaoluinn" ná "Gaelic" mar an gcéadna. Is óm' ċuiṁne a ḃím a' laḃairt nuair adeirim aon rud i dtaoḃ na Gaoluinne, agus is mar ġeall ar san ná fuil ionnam aċt eoluiḋe neaṁḃarántaṁail riaṁ maidir leis an nGaoluinn, agus mo ċuiṁne ar na neiṫiḃ sin d'ḟágaint agam. Aċt lá dá'r airiġeas tráċt éigint ar teangain "Gaelic" na h-Éireann ná raiḃ aon aiṫin agam uirṫe, ní ċuiṁniġim-se ar an áit ṡonruiġṫe, b'ḟéidir ar sgoil aċt annsan aríst níl 's agam. Ar aon ċuma, do ḋ'ḟiafruiġeas dem ṡeanṁáṫair t'réis sin "b'ḟuil 'Gaelic' agat-sa?" agus dúḃairt sí "Tá!" (American is eaḋ mé ḟéin agus mo 'parents', aċt do rugaḋ agus do tógaḋ mo ṡean-daoine muinntearḋa i n-áit ḟuarsgeirdeaṁail iargcúlta isna sléiḃte n-Éirinn) agus d'réir deallraiṁ do ḃí bród an tsaoġail uirṫe, agus do ṫosnuiġ sí ar "conas atá tú mó búcaill mait" (b'aṁail a ḋ'ḟuaimniġ sí é). Is léir dom anois agus mé ag dul siar ar so anois, gur Gaoluinn na sgoile a ḃí 'á laḃairt aici an uair úd, mar d'ḟoġluim ar sgoil í, agus ná raiḃ aon ainm dá h-aiṫeantas dá cainnt ḟéineaċ! do ċuir sé mearaḃall orm a ṡimplíḋeaċt agus ḃí sí ag cainnt mar a laḃruiġeaḋ i gcóṁnuiḋe aċt droċ-ḟoġruiḋeaċt ġránna do b'eaḋ í an t-aon deifir aṁáin. Agus, t'réis an tsaoġail, ṡid é an fáṫ ná fuil ḟios agam connus do ṫaḃarfainn-se aon ḟreangra ċuiḃe ort, because I don’t know if they had any clue what they were speaking in the first place! Gaḃaim do ṗárdún, agus mé 'ġá aiṫḃreiṫniuġaḋ anois is léir gur ċuaḋas ṫar teorainn leis an "míniuġaḋ" sin (míniú, mar ḋ'eaḋ!), agus is dóċa ná béaḋ de ḟoiḋneaṁ agam ḟéin leanaṁaint de'n ḃfreagra san. Maidir leis an ḃfocal san "Gaeilinn" nú "Gaoluinn," asdó b'an-annaṁ d'airiġeas é - dá ṡon san nínim me dearḃṫa cé'cu deiridís na daoine sin.
Also, chídheas not chonac.
Last edited by Ceanntuigheoireacht6 on Wed 03 Jan 2024 12:31 am, edited 4 times in total.
|